Skip to product information

BO0994

An Bóna Óir

An Bóna Óir



Regular price €10.00
Sale price €10.00 Regular price

  • Fully secure checkout
  • Trusted by thousands
  • Rated and reviewed

Sa dara leith den 9ú aois, bhí cumhacht na Lochlannach ag leathnú. Bhí rí dá gcuid in Éirinn, sa Bhreatain, in Albain agus in Oileán Mhanann. Bhí cuid den Fhrainc ina seilbh. Nuair a thagadh fad sa lá, scaoilidís faoi ó dheas Bóthar na nEalaí, mar a thugaidís air, fan chósta na Fraince agus na Spáinne, agus trí chaoluisce Ghiobráltair, ag creach agus ag slad rompu. Sna blianta 870 go 874, d’fhág beirt de na Lochlannaigh seo an Ioruaidh – Leif an Chlaimh agus Ingulf – agus thug siad aghaidh ar an Íoslainn, gur chuir siad chucu ansin. Thug siad leo roinnt daor Éireannach ann, fir agus mná. D’éirigh na daoir Éireannacha seo amach ina gcoinne agus mharaigh siad Lief. Ansin theith siad go dtí Oileáin Uastmainn ar an gcósta amuigh, ach leanadh iad agus maraíodh. Níor tháinig slán as an eirleach ach aon leanbh mhic amháin. Díreach ag an bpointe seo a thosaíonn ár scéal – An Bóna ÓIR

Based on the 9th century adventures of an Irish boy on a Viking ship.

le Pádraig Ua Maoileoin




An Bóna Óir

€10.00